HC134

Seachadadh Digiteach: Probháid

Déanaimse, David Barniville, Uachtarán na hArd-Chúirte, tar éis dul i gcomhairle le Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Seirbhíse Cúirteanna, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le hOrdú 117, riail 18 de Rialacha na nUaschúirteanna, an méid seo a leanas a ordú:

  1. Le héifeacht ón 31ú lá de Dheireadh Fómhair 2025, údaraím úsáid seachadta dhigitigh (mar a shainmhínítear i Rialacha na nUaschúirteanna) i leith na nithe seo a leanas –

    I gcás dáta an bháis a bheith ar an 5ú lá de Nollaig 2001 nó dá éis (a) doiciméid a comhdaíodh i dtaca le hiarratais ar dheonú ionadaíochta don Oifig Phrobháide, Baile Átha Cliath, cé is moite d'uachtanna, de chodaisíleacha agus de dhoiciméid thiomnacha eile, nach mór an scríbhinn bhunaidh díobh a chomhdú trí sheachadadh pearsanta nó trí sheachadadh neamhphearsanta i gcruachóip agus (b) doiciméid a d'eisigh an Oifig Phrobháide, Baile Átha Cliath, i dtaca leis na hiarratais sin.
     
  2. Tá seachadadh digiteach údaraithe faoi réir na feidhmiúlachta atá ar fáil ó am go ham ar thairseach dhigiteach na gCúirteanna (is é sin, an "líonra" dá dtagraítear in Ordú 125, riail 1 de Rialacha na nUaschúirteanna).


Arna dhátú an 30ú lá seo de Dheireadh Fómhair 2025
David Barniville
Uachtarán na hArd-Chúirte

High court