Foscríbhinn L: Pósadh.

Foirmeacha a bhaineann le hOrdú 70

Uimh. 1

Achainí.

Uimh. 2

Forghairm.

Uimh. 3

Deimhniú seirbheála.

Uimh. 4

Mionnscríbhinn gur seirbheáladh an fhorghairm.

Uimh. 5

Taifeadadh láithris.

Uimh. 6

Freagra.

Uimh. 7

Banna chun Costais an Bhanchéile a Urrú

Uimh. 8

Deimhniú aitheantais.

Uimh. 9

Mionn na lia-chigirí.

 

Foirmeacha a bhaineann le hOrdú 70A

Uimh. 1

Deimhniú de bhun Alt 5 den Acht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh, 1989

Uimh. 2

Deimhniú de bhun Alt 6 den Acht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh, 1989

Uimh. 3

Deimhniú de bhun Alt 6 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996

Uimh. 4

Deimhniú de bhun Alt 7 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996

Uimh. 5

Mionnscríbhinn Acmhainne

Uimh. 6

Mionnscríbhinn Leasa

Uimh. 7

Fógra d’Iontaobhaithe

 

Foirmeacha a bhaineann le hOrdú 70

Uimh. 1.

O. 70, r. 1

ACHAINÍ.

_______

An Ard-Chúirt

Pósadh

_______

20…. Uimh. .....

Idir

A.B.,

Achainíoch

agus

C.B.,

Freagróir.

Don Ard-Chúirt.

San achainí umhal ó A.B., as.............., léirítear mar a leanas:

 

  1. Ar an [dáta] pósadh an t-achainíoch go dleathach leis an bhfreagróir, C.B., arbh é C.D. ab ainm di agus ar (bhean shingil bhaintreach) í an uair sin, in eaglais.............i  ...............

  2. In Éirinn atá sainchónaí ar an achainíoch agus ar an C.B. sin, faoi seach, agus an tráth a pósadh iad is i..............a bhí sainchónaí orthu.

  3. Tar éis a phósta amhlaidh chónaigh an t-achainíoch, agus rinne aontíos, leis an mbanchéile sin aige i..............agus i.............. agus saolaíodh..............leanbh den phósadh.

  4. Ar an ..............lá de.............., 20.............., agus laethanta eile idir an lá sin agus.............., rinne an C.B. sin adhaltranas le R.S. i..............i gContae.............., agus in áiteanna eile nach feasach go sonrach don achainíoch faoi láthair.

  5. I mí Eanáir, mí Feabhra agus mí an Mhárta, 20.............., thug an C.B. sin cuairt go minic ar an R.S. sin i..............agus ..............ar ócáidí áirithe acu sin rinne sí adhaltranas leis an R.S. sin.

  6. Tá cónaí ar an achainíoch i..............agus is..............é;

 

agus tá cónaí ar an C.B. sin i...............

 

Impíonn an t-achainíoch dá bhrí sin go dtogróidh an Chúirt Onórach seo foraithne a dhéanamh: [leag amach anseo an faoiseamh atá á lorg].

 

Agus go dtabharfaí don achainíoch cibé faoiseamh breise agus eile sna cúrsaí réamhráite is cuí leis an gCúirt seo.

 

Arna dhátú..............
[Síniú an achainígh] ..............
[Síniú a abhcóide] ..............

_______
 

Uimh. 2.

O. 70, r. 6

FORGHAIRM.

_______

[Heading as in Form Uimh. 1].

[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].

Do C.B., as..............

 

De bhrí go ndearna A.B., as etc., á éileamh dó gur pósadh é go dleathach le.............., comhdú ar achainí uaidh in aghaidh    san Ard-Chúirt, á impí go..............agus go bhfuil sé líomhnaithe aige san achainí sin go bhfuil tú ciontach in adhaltranas [nó go bhfuil tú ciontach i gcruálacht le.............., an..............sin nó de réir mar a bheidh]: Anois cuirtear d’aithne ort leis seo láithriú san Ard-Chúirt, laistigh d’ocht lá tar éis an fhorghairm seo a sheirbheáil ort, agus lá na seirbheála sin san áireamh, chun freagra a thabhairt san am agus san áit sin ar an achainí sin, a bhfuil cóip di, arna séalú le séala na hArd-Chúirte, á seirbheáil ort leis seo. Agus bíodh seo ina fhógra mura ndéanfaidh tú amhlaidh go rachaidh an Ard-Chúirt i mbun éisteachta ar chruthúnas ar an gcúiseamh [nó na cúisimh] sin i gcúrsa cuí an dlí agus go dtabharfaidh pianbhreith sa chéanna, d’ainneoin tú a bheith as láthair. Agus bíodh seo ina fhógra thairis sin nach foláir duit, chun na críche réamhráite, freastal i bpearsa nó trí d’aturnae sa Phríomh-Oifig, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, agus láithreas a thaifeadadh ansin, agus cheal a dhéanta sin, nach gceadófar duit, ar chéim ar bith de na himeachtaí, an Chúirt a aitheasc, i bpearsa ná trí abhcóide.

 

Arna dhátú..............
(Arna shíniú) ..............
Cláraitheoir.

 

_______

Uimh. 3.

O. 70, r. 11

DEIMHNIÚ SEIRBHEÁLA.

_______

Seirbheáladh an fhorghairm seo go cuí ar an té atá ainmnithe istigh, C.B., as.............., agamsa, an sínitheoir seo thíos, an..............lá de..............20...............

 

(Arna shíniú) ..............

 

_______

Uimh. 4.

O. 70, r. 15

 

MIONNSCRÍBHINN GUR SEIRBHEÁLADH AN FHORGHAIRM.

_______

[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].

 

Mionnaímse, G.H., as.............., atá..............bliana d’aois agus os a chionn, agus deirim mar a leanas:—

 

  1. Rinne mé an fhorghairm dar dáta an..............lá de ..............20.............., a eisíodh faoi shéala na hArd-Chúirte in aghaidh C.B., an freagróir, sa chúis seo agus atá anois i gceangal leis seo, agus an litir ‘‘A’’ marcáilte uirthi, a sheirbheáil go cuí ar an C.B. sin, i..............i gContae                         .............., tríd an bhforghairm bhunaidh faoi shéala a thaispeáint di agus trí chóip dhílis di a fhágáil aici, an..............lá de.............., 20...............

  1. San am agus san áit chéanna sheachaid mé ar an C.B. sin go pearsanta cóip dheimhnithe, faoi shéala na hArd-Chúirte, den achainí a comhdaíodh sa chúis seo, agus ag an am sin bhí súilaithne agam ar an C.B. sin.

 

Arna mhionnú, etc.

 

______

Uimh. 5.

O. 70, r. 16

 

TAIFEADADH LÁITHRIS.

_______

[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].

[Líon isteach mar a léirítear sa sampla i bhFoirm Uimh. 1 i bhFoscríbhinn A, Cuid II].

 

_______

Uimh. 6.

O.70, r. 20

 

FREAGRA.

_______

[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].

Mar fhreagra ar an achainí a comhdaíodh sa chúis seo, deir an freagróir C.B. trí K.L., a haturnae [nó i bpearsa], mar a leanas:

 

  1. Séanann sí go ndearna sí adhaltranas le R.S., mar atá leagtha amach san achainí sin.

  2. Ar an..............lá de.............., 20.............., agus laethanta eile idir an lá sin agus.............., rinne an A.B. sin i..............i gContae.............., adhaltranas le X.Y.
    [Ar an dul sin thuas, luadh an freagróir cúlcheadú, maitheamh, nó nithe eile ar a bhfuil a seasamh mar fhoras chun an achainí a dhíbhe.]

 

Uime sin impíonn an freagróir seo go humhal go dtogróidh an Chúirt Onórach seo diúltú d’impí na hachainí sin agus foraithne a dhéanamh go etc.

 

Arna dhátú
(Arna shíniú)

 

 

_______

Uimh. 7.

O. 29, r. 7.

 

BANNA CHUN COSTAIS AN BHANCHÉILE A URRÚ.

_______

 

Bíodh a fhios ag cách ón ngníomhas seo go bhfuilimidne, A.B. as etc., P.Q. as       etc., agus R.S. as etc., gafa faoi cheangal docht ag Máistir na hArd-Chúirte i suim phionósach ... euro atá le híoc le X.Y., aturnae thar ceann C.B., agus i ngeall lena híoc go hiomlán agus go hionraic go bhfuilimid dár gcur féin, ár n-oidhrí, ár seiceadóirí nó ár riarthóirí, agus gach duine dínn, faoi cheangal docht leis an ngníomhas seo i leith an iomláin.

Arna shéalú lenár séalaí.

Arna dhátú an ...... lá de ....... 20 .... .

 

De bhrí go bhfuil cúis áirithe ar feitheamh anois san Ard-Chúirt idir A.B., achainíoch, de pháirt, agus C.B., freagróir, den pháirt eile.

 

Agus de bhrí, le deimhniú faoina láimh a rinneadh sa chúis an .... lá de .... 20 ..., gur dheimhnigh an Breithneoir Costas Dlí gur leor .... euro a íoc isteach sa Chúirt faoi chomhair chostais an fhreagróra (an achainígh) sin i leith, agus as siocair, éisteacht na cúise sin [nó ar dhóigh eile mar atá ráite i ndeimhniú an Bhreith-neora Costas Dlí], nó gur leorurrús le tabhairt in aghaidh na gcostas réamhráite banna faoi láimh agus faoi shéala an A.B. sin maille le beirt leorurra, i suim phionósach ... euro, agus é de choinníoll sa bhanna sin go n-íocfar an méid de chostais an C.B. sin a dheimhneofar a bheith dlite ón A.B. sin agus iníoctha aige, gan a méid a dhul thar an tsuim sin ... euro [nó ar dhóigh eile de réir mar atá sa deimhniú] agus fógra ... uair an chloig i dtaobh na n-urraí sin a bheith le tabhairt d’aturnae an C.B. sin. Anois is é coinníoll an bhanna seo: Más rud é go n-íocfaidh A.B. atá faoi cheangal mar a luaitear thuas, a oidhrí, a sheiceadóirí nó a riarthóirí, nó go gcuirfidh siad faoi deara go n-íocfar, go hiomlán agus go hionraic, le X.Y. thuasainmnithe, lena oidhrí, lena sheiceadóirí, lena riarthóirí nó lena shannaithe, suim iomlán .... nó costais dhleathacha an C.B. sin, an freagróir [an t-ach-ainíoch] i leith, agus as siocair, éisteacht agus thriail na cúise seo [nó ar dhóigh eile mar atá ráite sa deimhniú] go feadh ... euro, ansin ar an gcoinníoll sin a chomhlíonadh beidh an banna seo ar neamhní agus gan éifeacht, ach mura gcomhlíonfar é, fanfaidh an céanna i lánfheidhm agus i lánéifeacht.

 

Arna shíniú, arna shéalú agus arna sheachadadh, etc.

 

_______

Uimh. 8.

O. 70, r. 32(7)

 

DEIMHNIÚ AITHEANTAIS.

_______

[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].

 

Ag....................Dé...................., an....................lá de....................20....................,

tháinig go pearsanta i láthair an Chláraitheora thíos-

sínithe....................as....................

agus

as...................., a ceapadh le hordú ón Ard-Chúirt, dar dáta...................., ina gcigirí chun scrúdú a dhéanamh ar bhaill agus orgáin ghiniúna...................., an t-achainíoch sa chúis, agus freisin ar bhaill agus orgáin ghiniúna, an freagróir sa chúis, agus chun tuarascáil a thabhairt i dtaobh an scrúdaithe sin; agus cuireadh na cigirí sin faoi mhionn go cuí chun scrúdú a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt de réir théarmaí an mhionna is gnách a chur i gcásanna dá leithéid. Tháinig i láthair go pear-santa an....................sin, an t-achainíoch, agus an....................sin, an freag-róir, agus thug a n-aturnaetha faoi seach aithne orthu, agus d’admhaigh siad féin i láthair na gcigirí sin agus Chláraitheoir sin na hArd-Chúirte agus i láthair a n-aturnaetha faoi seach gurbh iad an t-achainíoch agus an freagróir iad faoi seach sa chúis.

 

(Arna shíniú) ....................
Cláraitheoir.

_______

Uimh. 9.

O. 70, r. 32 (7)

 

MIONN NA LIA-CHIGIRÍ.

[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].

 

Is sinne na lia-chigirí a ceapadh i gcúis san Ard-Chúirt arb achainíoch inti agus ar freagróir inti...................., ....................chun scrúdú a dhéanamh ar bhaill agus orgáin ghiniúna an achainígh sin, agus ar bhaill agus orgáin ghiniúna an fhreagróra sin freisin.

 

Mionnaímid, faoi seach, dar Dia na nUilechumhachtaí, go ndéanfaimid go fírinneach agus go feadh ár scile scrúdú ar bhaill agus orgáin ghiniúna an....................sin, an t-achainíoch, agus freisin ar bhaill agus orgáin ghiniúna an....................sin, an freagróir, agus go dtabharfaimid tuarascáil chóir fhírinn-each i scríbhinn an bhfuil seisean, an....................sin, inniúil ar ghníomh na giniúna a dhéanamh, agus mura bhfuil, an féidir an neamh-inniúlacht sin a mhaolú nó a chur ar ceal le healaín nó le scil, agus freisin cibé acu atá nó nach bhfuil uirthise, an...................sin, aon bhac óna taobh sise ar cosc é ar an bpósadh a chur i gcrích, agus an féidir an bac sin (más ann) a mhaolú nó a chur ar ceal le healaín nó le scil, agus go ndéanfaimid an tuarascáil sin faoinár láimh a sheoladh, i gclúdach séalaithe, leis an bpost cláraithe chuig Máistir na hArd-Chúirte, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath.

 

(Arna shíniú) ....................

(Arna shíniú) ....................

Arna mhionnú ag na cigirí sin i.................... Dé....................             an....................lá de...................., 20...................., os mo chomhairse, Cláraitheoir don Ard-Chúirt.

................................................
Cláraitheoir.

 

 

 


Foirmeacha a bhaineann le hOrdú 70A

 

Uimh. 1.

 

AN ARD-CHÚIRT
DLÍ TEAGHLAIGH

MAIDIR LEIS AN ACHT UM IDIRSCARADH BREITHIÚNACH AGUS ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1989, AGUS MAIDIR LEIS AN ACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1995

 

IDIR/

 

A.B.

 

Iarratasóir

agus

C.D.

Freagróir

 

DEIMHNIÚ DE BHUN ALT 5 DEN ACHT UM IDIRSCARADH BREITHIÚNACH AGUS ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1989

 

Déanaimse,........................., an tAturnae atá ag gníomhú thar ceann an Iarratasóra thuas, leis seo, an méid seo a leanas a dheimhniú:

Phléigh mé leis an Iarratasóir cibé acu an féidir teacht ar chomhréiteach leis an bhFreagróir agus thug mé don Iarratasóir ainmneacha agus seoltaí daoine atá cáilithe chun cuidiú le comhréiteach a chur i gcrích idir céilí atá i riocht coimhthithe.

Phléigh mé leis an Iarratasóir cibé acu an féidir dul i mbun idirghabhála chun cuidiú le hidirscaradh a chur i gcrích ar bhonn comhaontaithe leis an bhFreagróir agus thug mé don Iarratasóir ainmneacha agus seoltaí daoine agus eagras atá cáilithe chun seirbhís idirghabhála a chur ar fáil.

Phléigh mé leis an Iarratasóir cibé acu an féidir idirscaradh a chur i gcrích trí Ghníomhas Idirscartha, nó trí Chomhaontú Idirscartha i scríbhinn, a chaibidil agus a thabhairt chun críche leis an bhFreagróir.

 

Arna  dhátú an..................................ú     lá de...........................................20.........

Arna shíniú:..........................................................................

Aturnae....................................

Seoladh: ....................................

_______
 

Uimh. 2.

AN ARD-CHÚIRT
DLÍ TEAGHLAIGH

MAIDIR LEIS AN ACHT UM IDIRSCARADH BREITHIÚNACH AGUS ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1989, AGUS MAIDIR LEIS AN ACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1995

 

IDIR/

A.B.

Iarratasóir

agus

C.D.

Freagróir

 

DEIMHNIÚ DE BHUN ALT 6 DEN ACHT UM IDIRSCARADH BREITHIÚNACH AGUS ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1989

Déanaimse,............................, an tAturnae atá ag gníomhú thar ceann an Fhreagróra thuas, leis seo, an méid seo a leanas a dheimhniú:

Phléigh mé leis an bhFreagróir cibé acu an féidir teacht ar chomhréiteach leis an Iarratasóir agus thug mé don Fhreagróir ainmneacha agus seoltaí daoine atá cáilithe chun cuidiú le comhréiteach a chur i gcrích idir céilí atá i riocht coimhthithe.

Phléigh mé leis an bhFreagróir cibé acu an féidir dul i mbun idirghabhála chun cuidiú le hidirscaradh a chur i gcrích ar bhonn comhaontaithe leis an Iarratasóir agus thug mé don Fhreagróir ainmneacha agus seoltaí daoine agus eagras atá cáilithe chun seirbhís idirghabhála a chur ar fáil.

Phléigh mé leis an bhFreagróir cibé acu an féidir idirscaradh a chur i gcrích trí Ghníomhas Idirscartha, nó trí Chomhaontú Idirscartha i scríbhinn, a chaibidil agus a thabhairt chun críche leis an Iarratasóir.

 

Arna  dhátú an..................................ú     lá de...........................................20.........

Arna shíniú:

..........................................................................

Aturnae....................................

Seoladh: ....................................

 

_______

Uimh. 3.

 

AN ARD-CHÚIRT
DLÍ TEAGHLAIGH

MAIDIR LEIS AN ACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH (COLSCARADH), 1996

IDIR/

A.B.

Iarratasóir

agus

C.D.

Freagróir

DEIMHNIÚ DE BHUN ALT 6 DEN ACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH (COLSCARADH), 1996

Déanaimse,........................, an tAturnae atá ag gníomhú thar ceann an Iarratasóra thuas, leis seo, an méid seo a leanas a dheimhniú:

Phléigh mé leis an Iarratasóir cibé acu an féidir teacht ar chomhréiteach leis an bhFreagróir agus thug mé don Iarratasóir ainmneacha agus seoltaí daoine atá cáilithe chun cuidiú le comhréiteach a chur i gcrích idir céilí atá i riocht coimhthithe.

[Tá na míreanna seo a leanas le cur isteach i gcás gur cuí sin].

Phléigh mé leis an Iarratasóir cibé acu an féidir dul i mbun idirghabhála chun cuidiú le hidirscaradh a chur i gcrích ar bhonn comhaontaithe (más rud é nach bhfuil na céilí is páirtithe sa deimhniú seo idirscartha) nó chun cuidiú le colscaradh a chur i gcrích ar an mbonn a comhaontaíodh idir an tIarratasóir agus an Freagróir agus thug mé don Iarratasóir ainmneacha agus seoltaí daoine agus eagras atá cáilithe chun seirbhís idirghabhála a chur ar fáil do chéilí atá i riocht coimhthithe.

Phléigh mé leis an Iarratasóir cibé acu an féidir idirscaradh a chur i gcrích trí Ghníomhas Idirscartha, nó trí Chomhaontú Idirscartha i scríbhinn, a chaibidil agus a thabhairt chun críche leis an bhFreagróir.

Toisc nach bhfuil aon fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh i bhfeidhm i ndáil leis an Iarratasóir agus leis an bhFreagróir, chinntigh mé go bhfuil an tIarratasóir ar an eolas faoi idirscaradh breithiúnach mar mhalairt ar cholscaradh,

Arna  dhátú an..................................ú     lá de...........................................20.........

Arna shíniú:

..........................................................................

Aturnae....................................

Seoladh: ....................................

 

_______

Uimh. 4.

 

AN ARD-CHÚIRT
DLÍ TEAGHLAIGH

MAIDIR LEIS AN ACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH (COLSCARADH), 1996

IDIR/

A.B.

Iarratasóir

agus

C.D.


Freagróir

 

DEIMHNIÚ DE BHUN ALT 7 DEN ACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH (COLSCARADH), 1996

Déanaimse,..................................... , an tAturnae atá ag gníomhú thar ceann an Fhreagróra thuas, leis seo, an méid seo a leanas a dheimhniú:

Phléigh mé leis an bhFreagróir cibé acu an féidir teacht ar chomhréiteach leis an Iarratasóir agus thug mé don Fhreagróir ainmneacha agus seoltaí daoine atá cáilithe chun cuidiú le comhréiteach a chur i gcrích idir céilí atá i riocht coimhthithe.

[Tá na míreanna seo a leanas le cur isteach i gcás gur cuí sin].

Phléigh mé leis an bhFreagróir cibé acu an féidir dul i mbun idirghabhála chun cuidiú le hidirscaradh a chur i gcrích ar bhonn comhaontaithe (más rud é nach bhfuil na céilí is páirtithe sa deimhniú seo idirscartha) nó chun cuidiú le colscaradh a chur i gcrích ar an mbonn a comhaontaíodh idir an Freagróir agus an tIarratasóir agus thug mé don Fhreagróir ainmneacha agus seoltaí daoine agus eagras atá cáilithe chun seirbhís idirghabhála a chur ar fáil do chéilí atá i riocht coimhthithe.

 Phléigh mé leis an bhFreagróir cibé acu an féidir idirscaradh a chur i gcrích trí Ghníomhas Idirscartha, nó trí Chomhaontú Idirscartha i scríbhinn, a chaibidil agus a thabhairt chun críche leis an Iarratasóir.

Toisc nach bhfuil aon fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh i bhfeidhm i ndáil leis an bhFreagróir agus leis an Iarratasóir, chinntigh mé go bhfuil an Freagróir ar an eolas faoi idirscaradh breithiúnach mar mhalairt ar cholscaradh.

Arna  dhátú an..................................ú     lá de...........................................20.........

Arna shíniú:

..........................................................................

Aturnae....................................

Seoladh: ....................................

______

Uimh. 5.

 

AN ARD-CHÚIRT
DLÍ TEAGHLAIGH

[Cuir isteach de réir mar is cuí]

MAIDIR LEIS AN ACHT UM IDIRSCARADH BREITHIÚNACH AGUS ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1989

MAIDIR LEIS AN ACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1995

MAIDIR LEIS AN ACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH (COLSCARADH), 1996

IDIR

A.B.

Iarratasóir

agus

C.D.

Freagróir

 

MIONNSCRÍBHINN ACMHAINNE

 

MIONNAÍMSE,......................, [cuir isteach an tslí bheatha], as.................., atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn, agus deirim mar a leanas:—

Deirim gur mise an tIarratasóir/an Freagróir [scrios de réir mar is cuí] sna himeachtaí a bhfuil an teideal thuas orthu agus déanaim an Mhionnscríbhinn seo de bhun fíoras is feasach dom féin ach amháin nuair is léir a mhalairt agus nuair is léir amhlaidh creidim an céanna a bheith fíor.

Deirim go bhfuil na sócmhainní go léir a bhfuil teideal dlí nó tairbhiúil agam chucu agus modh teachta na maoine sin leagtha amach agam sa Chéad Sceideal a ghabhann leis seo.

Deirim go bhfuil an t-ioncam go léir a fhaighim agus foinse/foinsí an ioncaim sin leagtha amach agam sa Dara Sceideal a ghabhann leis seo.

Deirim go bhfuil mo chuid fiach agus/nó dliteanas go léir, agus na daoine a bhfuil na fiacha agus na dliteanais sin dlite dóibh, leagtha amach agam sa Tríú Sceideal a ghabhann leis seo.

Deirim  go  bhfuil  suim  €....................   d’eisíocaíochtaí seachtainiúla agam agus deirim go bhfuil mionsonraí na n-eisíocaíochtaí sin leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis seo.

Deirim, de réir mar is fearr is eol dom, mar a cuireadh i bhfios dom agus mar a chreidim, go bhfuil an fhaisnéis go léir i dtaca le pinsean is feasach dom agus is iomchuí maidir leis na himeachtaí seo leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis seo. [I gcás go mbeidh faisnéis faighte ó iontaobhaithe na scéime pinsin lena mbaineann faoi Acht na bPinsean, 1990, is ceart an fhaisnéis sin a fhoilseánadh agus i gcás nach mbeidh an fhaisnéis sin faighte, is ceart don Teisteoir teistiú a dhéanamh maidir leis an gcúis (na cúiseanna) nach bhfuarthas an fhaisnéis sin].

AN CHÉAD SCEIDEAL

[Leag amach anseo, i míreanna uimhrithe, na sócmhainní go léir, cibé acu a shealbhaítear iad in ainm aonair an Iarratasóra/an Fhreagróra nó i gcomhpháirt le duine eile, cibé acu a shealbhaítear iad go dlíthiúil nó go tairbhiúil, an modh ar a sealbhaítear na sócmhainní, cibé acu atá siad faoi réir morgáiste nó faoi réir muirir nó liain eile agus cibé mionsonraí breise agus mionsonraí eile is cuí].

AN DARA SCEIDEAL

[Leag amach anseo, i míreanna uimhrithe, an t-ioncam go léir as aon fhoinse/aon fhoinsí ar bith].

AN TRÍÚ SCEIDEAL

[Leag amach anseo, i míreanna uimhrithe, na fiacha agus/nó na dliteanais go léir agus na daoine/na hinstitiúidí dá bhfuil na fiacha agus/nó na dliteanais sin dlite].

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

[Leag amach anseo mionsonraí iomlána faoi eisíocaíochtaí pearsanta seachtainiúla].

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

[Is ceart mionsonraí iomlána faoi chineál scéime pinsean, i dtaobh sochar is iníoctha fúithi, i dtaobh gnáthaoise inphinsin agus i dtaobh tréimhse seirbhíse ináirithe a liostú anseo de réir mar is fearr is eol don Teisteoir, mar a cuireadh i bhfios dó nó di agus mar a chreideann sé nó sí].

ARNA MHIONNÚ etc.

_______

Uimh. 6.

 

AN ARD-CHÚIRT
DLÍ TEAGHLAIGH

[Cuir isteach de réir mar is cuí]

MAIDIR LEIS AN ACHT UM IDIRSCARADH BREITHIÚNACH AGUS ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1989

MAIDIR LEIS AN ACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1995

MAIDIR LEIS AN ACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH (COLSCARADH), 1996

IDIR/

 

A.B.

 

Iarratasóir

agus

C.D.

Freagróir

 

MIONNSCRÍBHINN LEASA

 

MIONNAÍMSE,.................,...................[cuir isteach an tslí bheatha], as................., atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn, agus deirim mar a leanas:

Deirim gur mise an tIarratasóir/an Freagróir [Scrios de réir mar is cuí] sna himeachtaí a bhfuil an teideal thuas orthu agus déanaim an Mhionnscríbhinn seo de bhun fíoras is feasach dom féin ach amháin nuair is léir a mhalairt agus nuair is léir amhlaidh creidim an céanna a bheith fíor.

Deirim agus creidim gur fíor na fíorais atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis seo.

[In imthosca nach ndíospóideann an Freagróir na fíorais arna dteistiú ag an Iarratasóir ina Mhionnscríbhinn/Mionnscríbhinn Leasa, áireofar an deimhneasc seo a leanas, á chur in ionad mhír 2 den mhionnscríbhinn seo, agus sna himthosca sin, ní chomhlánóidh an Freagróir an Sceideal:

Deirim go dtagaim go hiomlán leis na fíorais arna ndeimhneasc            ag            an           Iarratasóir             ina Mhionnscríbhinn/Mionnscríbhinn Leasa arna mionnú san imeacht seo an ú lá de 19 agus deirim agus creidim gur fíor na fíorais atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis seo].

AN SCEIDEAL

Cuid I - Mionsonraí faoi na leanaí

Mionsonraí faoi na leanaí a rugadh don Iarratasóir agus don Fhreagróir nó a d’uchtaigh an tIarratasóir agus an Freagróir araon.

Túsainmneacha          Sloinne       Dáta Breithe

Mionsonraí faoi leanaí eile den teaghlach nó faoi leanaí a bhfuil na tuismitheoirí, nó ceachtar acu, in loco parentis maidir leo

Túsainmneacha          Sloinne   Dáta Breithe

Gaolmhaireacht

leis an Iarratasóir/leis an bhFreagróir

 

Cuid II - Comhshocraíochtaí i gcomhair leanaí den teaghlach

Mionsonraí baile

An seoladh nó na seoltaí ag a gcónaíonn na leanaí anois.

Tabhair mionsonraí faoi líon na seomraí cónaithe, na seomraí codlata, etc., ag na seoltaí in (a) thuas.

An bhfuil an teach ar cíos nó ar úinéireacht agus, má tá, ainmnigh an tionónta/na tionóntaí nó an t-úinéir/na húinéirí.

An bhfuil an cíos nó an morgáiste á íoc go rialta agus, má tá, cé atá á íoc?

Tabhair ainmneacha na ndaoine eile go léir atá ina gcónaí leis na leanaí ar bhonn lánaimseartha nó ar bhonn páirtaimseartha agus luaigh a ngaolmhaireacht leis na leanaí, más ann.

An mbeidh aon athrú ar na comhshocraíochtaí sin agus, más amhlaidh go mbeidh, tabhair mionsonraí.

 

Cuid III - Mionsonraí oideachais agus oiliúna

Tabhair ainm na scoile, an choláiste nó an ionaid oiliúna ar a bhfreastalaíonn gach leanbh.

An bhfuil aon riachtanais speisialta oideachais ag na leanaí? Má tá, sonraigh, le do thoil.

An bhfuil táille le híoc leis an scoil, leis an gcoláiste nó leis an ionad oiliúna? Má tá, tabhair mionsonraí faoi mhéid na dtáillí in aghaidh an téarma/na bliana. An bhfuil na táillí á n-íoc go rialta agus, má tá, cé atá á n-íoc?

An mbeidh aon athrú ar na himthosca sin? Más amhlaidh go mbeidh, tabhair mionsonraí.

 

Cuid IV - Mionsonraí faoi chúram leanaí

Cé acu tuismitheoir a thugann aire do na leanaí ó lá go lá? Má roinntear an fhreagracht, tabhair mionsonraí, le do thoil.

Tabhair mionsonraí faoi oibleagáidí oibre na beirte tuismitheoirí.

An dtugann duine éigin aire do na leanaí nuair nach mbíonn an tuismitheoir ann? Má thugann, tabhair mionsonraí.

Cé a thugann aire do na leanaí le linn laethanta saoire scoile?

An mbeidh aon athrú ar na comhshocraíochtaí sin? Más amhlaidh go mbeidh, tabhair mionsonraí.

 

Cuid V - Cothabháil

An íocann an tIarratasóir/an Freagróir i leith chothabháil na leanaí? Má íocann, tabhair mionsonraí. Sonraigh, le do thoil, aon fhoinse cothabhála eile.

An íoctar an chothabháil dá dtagraítear in (a) thuas faoi ordú cúirte? Má íoctar, tabhair mionsonraí.

Ar comhaontaíodh cothabháil i gcomhair na leanaí? Má comhaontaíodh, tabhair mionsonraí.

Murar comhaontaíodh, an mbeidh iarratas á dhéanamh agat ar ordú cothabhála ón gCúirt?

 

Cuid VI - Mionsonraí faoi theagmháil leis na leanaí

An bhfeiceann na leanaí an tIarratasóir/Freagróir? Tabhair mionsonraí, le do thoil.

An bhfanann na leanaí thar oíche, agus/nó an mbíonn cuairteanna saoire ag na leanaí leis an Iarratasóir/leis an bhFreagróir? Tabhair mionsonraí le do thoil.

An mbeidh aon athrú ar na comhshocraíochtaí sin? Tabhair mionsonraí le do thoil.

 

Cuid VII - Mionsonraí sláinte

An bhfuil na leanaí ina sláinte go ginearálta? Tabhair mionsonraí, le do thoil, faoi aon mhíchumas tromaí nó aon tinneas ainsealach atá ar aon duine de na leanaí.

An bhfuil aon riachtanais speisialta sláinte ag na leanaí nó ag aon duine díobh? Tabhair mionsonraí, le do thoil, faoin gcúram atá ag teastáil agus faoi conas atá sé le cur ar fáil.

An bhfuil an tIarratasóir nó an Freagróir ina shláinte nó ina sláinte go ginearálta? Mura bhfuil, tabhair mionsonraí le do thoil.

 

Cuid VIII - Mionsonraí faoi chúram agus faoi imeachtaí eile cúirte

An bhfuil na leanaí, nó aon duine díobh, faoi chúram boird sláinte nó faoi mhaoirseacht oibrí shóisialaigh nó oifigigh promhaidh? Má tá, sonraigh le do thoil.

An bhfuil, nó an raibh, aon imeachtaí in aon Chúirt a bhfuil nó a raibh baint acu leis na leanaí nó le haon duine díobh? Má tá nó má bhí, sonraigh, le do thoil. (Is ceart na horduithe cúirte iomchuí go léir a bhaineann leis na leanaí nó le haon duine díobh a bheith i gceangal leis seo).

 

Cuid IX - Dearbhú

Dearbhaímse, ................................, Iarratasóir/Freagróir [scrios de réir mar is cuí], go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha agam sa mhionnscríbhinn seo ceart agus iomlán de réir mar is fearr is eol dom.

Arna shíniú:

..........................................................................

Iarratasóir/Freagróir

Arna fhianú: 

.........................................................................

Dáta: ......................................................................................

 

Cuid X - Comhaontú ón bhFreagróir (más infheidhme)

Dearbhaímse, ................................, Freagróir, go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha ag an Iarratasóir sa mhionnscríbhinn seo ceart agus iomlán de réir mar is fearr is eol dom agus comhaontaím leis na comhshocraíochtaí agus na tograí atá inti.

Arna shíniú:

..........................................................................

Freagróir

Arna fhianú:

  .........................................................................

Dáta: ......................................................................................

 

_______

Uimh. 7.

 

AN ARD-CHÚIRT
DLÍ TEAGHLAIGH

[Cuir isteach de réir mar is cuí]

MAIDIR LEIS AN ACHT UM IDIRSCARADH BREITHIÚNACH AGUS ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1989

MAIDIR LEIS AN ACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1995

MAIDIR LEIS AN ACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH (COLSCARADH), 1996

IDIR/

A.B.

Iarratasóir

agus

C.D.

Freagróir

 

FÓGRA D’IONTAOBHAITHE

BÍODH SEO INA FHÓGRA gur éiligh an t-Iarratasóir/ an Freagróir faoiseamh sna himeachtaí a bhfuil an teideal thuas orthu de bhun ailt 12 agus 13, nó alt 12 nó 13, den Acht um an Dlí Teaghlaigh, 1995, nó de bhun alt 17 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996, nó de bhun alt 8B den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976, agus go háirithe i ndáil le [cuir isteach anseo mionsonraí faoin bpinsean a bhfuil faoiseamh á éileamh ina leith].

AGUS BÍODH SEO INA FHÓGRA THAIRIS SIN

go bhféadfar aon uiríll atá le déanamh chuig an gCúirt de bhun alt 12(18) nó alt 13(2) d’Acht 1995 nó de bhun alt 17(18) d’Acht 1996 a dhéanamh trí Mhionnscríbhinn Uiríll a chomhdófar agus a sheirbheálfar ar na páirtithe go léir san fhógra seo laistigh de 28 lá ón dáta a sheirbheáiltear an Fógra seo ortsa.

Arna dhátú an ................................ú  lá             de

................................ 20.......

Arna shíniú:

..........................................................................

Aturnaetha thar ceann an Iarratasóra/an Fhreagróra Do: An Cláraitheoir Contae

agus

Do: Iontaobhaithe na scéime pinsin lena mbaineann agus

Do: An tIarratasóir/ An Fhreagróir [nó aturnaetha más cuí]”

 

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é.)

Leis na rialacha seo, a thagann i ngníomh ar an 1ú lá de Mheán Fómhair 1997, déantar foráil maidir le hOrdú nua 70A a chur in ionad Ordú 70A chun socrú a dhéanamh maidir le himeachtaí dlí teaghlaigh (lena n-áirítear colscaradh). Déanfar na rialacha seo a fhorléiriú i dteannta Rialacha na nUaschúirteanna, 1986 go 1997, agus féadfar Rialacha na nUaschúirteanna (Uimh. 3), 1997, a ghairm díobh.

_______