Home Home
The Courts Service of Ireland
This is a site slogan
Teanga
  • English
  • Gaeilge
  • Seirbhísí
  • GA Courts
  • Maidir linn
  • Cuardach
Teacht Orainn
Teanga
  • English
  • Gaeilge

Tionscadal Píolótach Ard-Chúirte do Shaoire Fhada 2024 - Seoladh

Courts Service Menu

  • Eolas fúinn
    • Bord na Seirbhíse Cúirteanna
    • Struchtúr Eagraíochtaí agus Rialachas
    • Seirbhís do Chustaiméirí
  • Tuarascáil Bhliantúil
  • Gairmeacha
  • Nuacht
  • Meáin
  • Foilseacháin
  • Open Data Portal
Back
Back
Tionscadal Píolótach Ard-Chúirte do Shaoire Fhada 2024 - Seoladh
Monday 01st July 2024
Presidents' Announcements
452 Days ago

Mar thoradh ar Fhógraí an Uachtaráin a eisíodh ar 5 Márta 2024 agus ar 21 Nollaig 2023, is cúis áthais dom a fhógairt gur seoladh an Tionscadal Píolótach Ardchúirte do Shaoire Fhada 2024 (an ‘Tionscadal Píolótach’). Leagadh amach cúlra an Tionscadail Phíolótaigh sna fógraí roimhe seo. Moladh lárnach a bhí ann i dTuarascáil na Meithle um Pleanáil Bhreithiúnach i mí Feabhra 2023, ar ghlac an Rialtas léi.

Ba cheart do chleachtóirí agus do dhlíthithe a thabhairt faoi deara nach mbeidh na breithiúna seo a leanas Ard-Chúirte atá ag glacadh páirt sa Tionscadal Píolótach ina suí (ach amháin ar bhonn eisceachtúil) i mí Iúil 2024 (tá líon leordhóthanach breithiúna ina suí sna liostaí ábhartha don obair ar na liostaí sin don mhí sin):

  • An Breitheamh Onórach Richard Humphreys (Liosta Pleanála agus Comhshaoil)
  • An Breitheamh Onórach Emily Farrell (Liosta Pleanála agus Comhshaoil)
  • An Breitheamh Onórach John Jordan (Liosta Dlí Teaghlaigh)
  • An Breitheamh Onórach Barry O’Donnell (Liostaí Neamhghiúiré/Athbhreithniú Breithiúnach/ Tearmainn, Inimirce & Saoránacht)
  • An Breitheamh Onórach Conleth Bradley (Liostaí Neamhghiúiré, Tearmainn, Inimirce & Saoránachta)

Ina ionad sin, beidh na breithiúna sin ag obair ar bhreithiúnais mar is gnách agus suífidh siad arís chun cásanna a éisteacht i mí Mheán Fómhair 2024 sna liostaí seo a leanas:

  • Pleanáil & Comhshaol
  • Dlí Teaghlaigh
  • Neamhghiúiré/ Athbhreithniú Breithiúnach / Tearmann, Inimirce & Saoránacht


1 Iúil 2024
An Breitheamh Onórach David Barniville
Uachtarán na hArd-Chúirte


FooterMenu

  • Fúinn
  • Déan Teagmháil Linn
  • Gairmeacha

FooterMenu2

  • Rochtain
  • Cosaint sonraí
  • Príobháideachais agus Fianáin
  • Disclaimer

FooterMenu3

  • Saoráil Faisnéise
  • An tAcht um Brústocaireacht
  • E-justice portal
  • Iarratas ar Chárta Ceada Cúirte