Foscríbhinn K: Coimircithe Cúirte
CEANNTEIDEAL DO NA FOIRMEACHA.
COIMIRCITHE CÚIRTE. ....... 20 ....... Uimh.
Maidir le [gabh ar aghaidh mar a thaispeántar trí na samplaí sna foirm- eacha seo a leanas].
_______________________________________________________
O. 67, r. 4(4)
ACHAINÍ THIONSCNAIMH UM FHIOSRÚCHÁN.
[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1]. Maidir le A.B., freagróir
D’Uachtarán na hArd-Chúirte [nó Don Bhreitheamh....................Uasal]. San achainí umhal ó C.D., as.................... , léirítear mar a leanas:
Impíonn an t-achainíoch dá bhrí sin go ndéanfaí fiosrúchán i dtaobh an freagróir a bheith slánmheabhrach nó mímheabhrach agus cumasach nó éagumasach ar a phearsa agus a mhaoin a bhainistiú.
Agus beidh an t-achainíoch ag guí feasta.
Arna dhátú....................
Finné le síniú an C.D. sin. [Cuir isteach anseo mionnscríbhinn fhíorúcháin mar atá i bhFoirm Uimh. 3]. Tá an achainí seo a comhdú thar ceann C.D. ag E.F. as [seoladh], a aturnae.
_______________________________________________________
O. 67, r. 4 (4) MIONNSCRÍBHINN FÍORÚCHÁIN.
Mionnaímse, C.D., an t-achainíoch atá ainmnithe san achainí thuas-scríofa [nó an duine a bhfuil an ráiteas fíoras thuas-scríofa a thabhairt isteach aige, nó an t-aturnae ar a bhfuil cúram an abhair seo], agus deirim gur fior an méid sin den achainí sin [nó den ráiteas fíoras thuas-scríofa sin] a bhaineann le mo bhearta agus mo ghníomhartha féin, agus go gcreidim gur fior an méid sin di a bhaineann le bearta agus gníomhartha aon duine agus gach duine eile. Arna mhionnú, etc.
_______________________________________________________
O. 67, r. 8
FÓGRA TIONSCNAIMH FAOI ACHAINÍ UM FHIOSRÚCHÁN
[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].
Maidir le A.B., freagróir. Do A.B.
Bíodh seo ina fhógra go ndearnadh, an ....................lá de....................20...................., achainí, a bhfuil coip di scríofa anseo istigh, a thíolacadh d’Uachtarán na hArd- Chúirte [nó don Bhreitheamh....................Uasal] uaimse [nó ó C.D. as....................] agus, de bhua agus faoi reim na hachainí sin, gur ordaíodh go sealadach fiosrúchan a dhéanamh i dtaobh tú a bheith nó gan a bheith mímheabhrach agus éagumasach ar do phearsa agus do mhaoin a bhainistiú, ach go bhfeadfaidh tú, mas cuí leat é, agóid a dhéanamh in aghaidh aon fhiosrúchán a bheith ann, nó in aghaidh aon dearbhu a dhéanamh go bhfuil tú mímheabhrach agus éagumasach ar do phearsa agus do mhaoin a bhainistiú, nó a éileamh gur os comhair giúiré a dhéanfar an fiosrúchan sin, agus sa chas sin ní foláir fógra i dtaobh na hagóide nó an éilimh sin agat agus é sínithe agat féin, agus fianaithe ag d’aturnae, a tharchur chuig Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte, na Ceithre
Arna dhátú....................
(Arna shıniu) C.D. as [no E.F., aturnae thar ceann an achainígh C.D.].
[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].
Maidir le A.B., freagróir. Do X.Y., as....................
Bíodh seo ina fhógra go ndearnadh, an....................lá de....................20...................., achainí a thíolacadh d’Uachtarán na hArd-Chúirte [nó don Bhreitheamh....................Uasal] a impí fiosrúchan a dhéanamh i dtaobh an freagróir, A.B., a bheith slanmheabhrach nó mímheabhrach agus, le hordú dar dáta an ....................lá de....................20...................., gur ordaigh an tUachtarán [nó an Breitheamh Uasal] an fiosrúchan sin a dhéanamh.
Arna dhátú....................
(Arna shíniú) E.F., aturnae thar ceann an achainígh C.D., as....................
_______________________________________________________
O. 67, r. 9 FÓGRA TIONSCNAIMH FAOI ORDÚ DE BHUN TUARASCALA FAOI ALT 12.
Maidir le A.B., freagróir.
Do A.B.
Bíodh seo ina fhógra gur thug duine de na liafhiosraitheoirí, an....................lá de....................20...................., tuarascáil d’Uachtarán na hArd-Chúirte [nó don Bhreitheamh....................Uasal] a rá go bhfuil tu mímheabhrach agus éagumasach ar do phearsa agus do mhaoin a bhainistiú; agus bíodh seo ina fhógra go ndearna an tUachtarán [nó an Breitheamh....................Uasal], ar an tuarascáil sin a chomhdú go cuí, ordú go seasfaidh an tuarascáil sin, agus go saothrófar imeachtaí uirthi, mar achainí arna tíolacadh maidir leis an mímheabhair a líomhnaítear a bheith ort; agus dá bhri sin go bhfuil ordaithe go sealadach ina leith ag an Uachtarán [nó ag an mBreitheamh....................Uasal] fiosrúchan a dhéanamh i dtaobh tú a bheith nó gan bheith mímheabhrach agus éagumasach ar do phearsa agus do mhaoin a bhainistiú; ach i gcás gur cuí leat agóid a dhéanamh in aghaidh aon fhiosrúchán a dhéanamh, nó in aghaidh aon dearbhu a dhéanamh go bhfuil tú mímheabhrach agus éagumasach ar do phearsa agus do mhaoin a bhainistiú, nó a éileamh gur os comhair giúiré a dhéanfar an fiosrúchan sin, nach foláir fógra i dtaobh na hagóide nó an éilimh sin agat, agus é sínithe agat féin agus fianaithe ag d’aturnae, a tharchur chuig Cláraitheoir na gCoimircithe Cuirte, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, laistigh de sheacht lá tar éis duit an fógra seo a fháil.
Arna dhátú..................
(Arna shíniú) X.Y.*
Maidir le A.B., freagroir.
Do E.F., as
Bíodh seo ina fhógra gur ordaigh Uachtarán na hArd-Chúirte [nó an Breitheamh..................Uasal], le hordú dar dáta an..................lá de..................20.................., go seasfadh tuarascáil ó dhuine de na liafhiosraitheoirí, agus go saothrófaí imeachtaí uirthi, mar achainí arna tíolacadh maidir leis an mímheabhair a líomhnaítear a bheith ar an bhfreagróir A.B., agus go ndéanfaí fiosrúchan i dtaobh é a bheith slanmheabhrach nó mímheabhrach.
Arna dhátú..................
*Nóta.- An duine ar a gcuirtear cúram an abhair le hordú an Bhreithimh nó, dá éagmais sin, an tAturnae Ginearálta.
_______________________________________________________
O. 67, rr. 10 & 18
NFÓGRA AGÓIDE IN AGHAIDH FIOSRÚCHÁIN NÓ A ÉILEAMH FIOSRÚCHAN A DHÉANAMH OS COMHAIR GIÚIRÉ. _______
[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].
Maidir le A.B., freagróir.
Os rud é gur seirbheáladh ormsa, an freagróir thuasainmnithe, an..................lá de..................20.................., fógra gur tíolacadh achainí um fhiosrúchán [nó gur comhdaíodh tuarascáil liafhiosraitheora agus gur ordaíodh go seasfadh sí, agus go saothrófaí imeachtaí uirthi, mar fhiosrúchán] agus gur ordaíodh ina leith fiosrúchan a dhéanamh i dtaobh mé a bheith nó gan a bheith mímheabhrach agus éagumasach ar mo phearsa agus mo mhaoin a bhainistiú, déanaim leis seo agóid in aghaidh aon fhiosrúchán den sórt sin a bheith ann nó in aghaidh aon dearbhú a dhéanamh go bhfuilim mímheabhrach agus éagumasach ar mo phearsa agus mo mhaoin a bhainistiú [nó éilim leis seo gur os comhair giúiré a dhéanfaí an fiosrúchan réamhráite sin].
Arna dhátú..................
Finné le síniú an A.B. sin, X.Y.,
_______________________________________________________
O. 67, r. 12
FÓGRA LE SEIRBHEÁIL AG AN ATURNAE THAR CEANN AN ACHAINÍGH, NÓ AG AN ATURNAE AR A BHFUIL CÚRAM AN ÁBHAIR, AR ATURNAE FIANAITHE AN FHREAGRÓRA.
_______
[Seoladh.] An............... lá de...............20................ Maidir le A.B., freagróir.
A Dhaoine Uaisle, [Seoladh.] An............... lá de...............20................
Maidir le A.B., freagróir. Bíodh seo ina fhógra go bhfuil an achainí um fhiosrúchán [nó an tuarascáil ar ordaíodh go seasfadh sí, agus go saothrófaí imeachtaí uirthi, mar achainí um fhiosrúchán] san ábhar seo curtha síos chun treoracha a fháil ina leith ó Uachtarán na hArd-Chúirte [nó ón mBreitheamh...............Uasal] an...............lá de...............20...............; agus gurb áil leis an Uachtarán [nó leis an mBreitheamh...............Uasal] a éileamh go mbeidh an freagróir i láthair lena cheistiú go pearsanta i Seomra an Uachtaráin, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, an lá ceánna sin ar...............a chlog...............nóin.
E.F., aturnae thar ceann an achainígh [nó an t-aturnae ar a bhfuil cúram an ábhair].
Do X.Y.
_______________________________________________________
O. 67, r. 21
ACHAINÍ THIONSCNAIMH UM ORDÚ FAOI ALT 68. _______ [Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1]. Maidir le A.B., freagróir.
D’Uachtarán na hArd-Chúirte [nó Don Bhreitheamh...............Uasal].
San achainí umhal ó C.D., as..............., léirítear mar a leanas:—
[Leag amach duine ar dhuine]
[Leag amach]
Impíonn an t-achainíoch dá bhrí sin go gceapfaí é mar chúramaí ar eastát an fhreagróra agus sa cháil sin do [leag amach anseo tograí an achainígh chun gnóthaí an fhreagróra a bhainistiú, e.g. é a bheith de chead aige gnó an fhreagróra i...............a sheoladh agus a bhainistiú; nó pinsean an fhreagróra a iarraidh agus a fháil; nó go ndéanfaí na stoic agus na scaireanna, is leis an bhfreagróir, a aistriú chun creidiúna an abhair seo agus an t-ioncam astu a íoc leis an achainíoch; nó é a bheith de chead aige, chun soláthar a dhéanamh do riachtanais láithreacha cleithiúnaithe an fhreagróra, troscán agus earraí an fhreagróra, atá stóráilte faoi láthair ag..............., a dhíol ar ceant agus na fáltais a úsáid dá réir sin; nó é a bheith de chead aige aon ioncam de chuid an fhreagróra úsáid chun an freagróir a chothabháil agus chun tairbhe do nó chun a bhean agus a chlann a chothabháil nó oideachas a thabhairt dá chlann, nó chun préimheanna a íoc ar pholasaithe saoil, etc.].
Agus beidh an t-achainíoch ag guí feasta.
Arna dhátú............... (Arna shíniú) C.D. Finné le síniú an C.D. sin. E.F., aturnae. [Cuir isteach anseo mionnscríbhinní fíorúcháin mar atá i bhFoirm Uimh. 3]. Tá an achainí seo a chomhdú thar ceann C.D., an t-achainíoch, ag E.F. as [seoladh], a aturnae.
_______________________________________________________
O. 67, r. 22
ACHAINÍ THIONSCNAIMH UM ORDÚ FAOI ALT 70.
_______
[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1]. Maidir le A.B., freagróir. D’Uachtarán na hArd-Chúirte [nó Don Bhreitheamh...............Uasal]. San achainí umhal ó C.D., as..............., léirítear mar a leanas:-
Impíonn an t-achainíoch dá bhrí sin go gceapfaí é mar chúramaí ar eastát an fhreagróra agus [leag amach anseo mutatis mutandis tograí an achainígh chun an t-eastát a bhainistiú mar a thaispeántar trí na samplaí i bhFoirm Uimh. 8].
Agus beidh an t-achainíoch ag guí feasta. Arna dhátú................... (Arna shíniú) C.D. Finné le síniú an C.D. sin E.F., aturnae. [Cuir isteach anseo mionnscríbhinn fíorúcháin mar atá i bhFoirm Uimh. 3]. Tá an achainí seo á comhdú thar ceann an achainígh C.D., ag E.F. as [seoladh], a aturnae.
_______________________________________________________
O. 67, r. 23
FÓGRA TIONSCNAIMH I DTAOBH ACHAINÍ UM ORDÚ FAOI ALT 68 NÓ 70.
_______
[Le formhuiniú ar chóip fhianaithe den achainí agus le seirbheáil ar an bhfreagróir]. Do A.B.
Bíodh seo ina fhógra go ndearnadh achainí, a bhfuil cóip di scríofa anseo istigh, a thíolacadh, an...................lá de...................20..................., d’Uachtarán na hArd-Chúirte [nó don Bhreitheamh...................Uasal] agus de bhun na hachainí sin go bhféadfar orduithe a dhéanamh, ar an bhforas gur duine tú atá mímheabhrach agus éagumasach ar do ghnóthaí féin a bhainistiú, ionas go gcuirfear do mhaoin, nó an t-ioncam aisti, ar fáil chun tú féin (agus do theaghlach) a chothabháil nó chun tairbhe duit féin (agus do do theaghlach) [nó chun do thrádáil nó do ghnó a sheoladh]; agus, má tá ar intinn agat agóid a dhéanamh in aghaidh na horduithe sin a dhéanamh, nach foláir fógra i dtaobh na hagóide sin agat, agus é sínithe agat féin agus fianaithe ag d’aturnae, a tharchur chuig Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, laistigh de sheacht lá tar éis duit an fógra seo a fháil.
Arna dhátú................... (Arna shíniú): C.D., achainíoch [nó E.F., aturnae thar ceann an achainígh].
_______________________________________________________
FÓGRA TIONSCNAIMH FAOI ORDÚ 67, RIAIL 30 (C).
Do A.B.
Bíodh seo ina fhógra go ndearna duine de na liafhiosraitheoirí, an...................lá de...................20..................., tuarascáil a thabhairt do Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte go raibh tú mímheabhrach agus éagumasach ar do ghnóthaí a bhainistiú, agus go bhfuil ordaithe ag an gCláraitheoir, de bhun na tuarascála sin, iarratas a dhéanamh chuig Uachtarán na hArd-Chúirte [nó chuig an mBreitheamh...................Uasal], agus de thoradh an iarratais sin go bhféadfar orduithe a dhéanamh, ar an bhforas gur duine tú atá mímheabhrach agus éagumasach ar do ghnóthaí a bhainistiú, ionas go gcuirfear do mhaoin, nó an t-ioncam aisti, ar fáil chun tú féin (agus do theaghlach) a chothabháil [nó chun do thrádáil nó do ghnó a sheoladh]; agus, má tá ar intinn agat agóid a dhéanamh in aghaidh na horduithe sin a dhéanamh, nach foláir fógra i dtaobh na hagóide sin agat, agus é sínithe agat féin agus fianaithe ag d’aturnae, a tharchur chuig Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, laistigh de sheacht lá tar éis duit an fógra seo a fháil.
Arna dhátú...................
(Arna shıniu) E.F. (an t-aturnae ar a bhfuil curam an abhair) as................... [seoladh].
_______________________________________________________
O. 67, r. 31
ACHAINÍ THIONSCNAIMH UM ORDÚ FAOI ALT 103.
_______
[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1]. Maidir le A.B., freagróir.
D’Uachtarán na hArd-Chúirte [nó Don Bhreitheamh...................Uasal]. San achainí umhal ó C.D., as...................,
léirítear mar a leanas:-
Impíonn an t-achainíoch dá bhrí sin go gceapfaí é féin (nó an E.F. sin) ina chaomhnóir ar phearsa agus ar mhaoin an fhreagróra, agus ar bheith dó ina chaomhnóir amhlaidh go mbeadh cead aige [leag amach go hiomlán na hordacháin go léir a lorgaítear mar a thaispeántar san impí i bhFoirm Uimh. 8].
Agus beidh an t-achainíoch ag guí feasta. Arna dhátú................... (Arna shíniú) C.D.
[Cuir isteach anseo mionnscríbhinn fíorúcháin mar atá i bhFoirm Uimh. 3]. Tá an achainí seo á comhdú thar ceann C.D., an t-achainíoch, ag X.Y., aturnae, as [seoladh].
_______________________________________________________ O. 67, r. 35
FÓGRA TIONSCNAIMH UM ACHAINÍ FAOI ALT 103.
_______
[Le formhuiniú ar chóip fhianaithe den achainí agus le seirbheáil ar an bhfreagróir].
Do A.B.
Bíodh seo ina fhógra go ndearnadh, an...................lá de...................20..................., achainí, a bhfuil cóip di scríofa anseo istigh, a thíolacadh d’Uachtarán na hArd-Chúirte [nó don Bhreitheamh...................Uasal] uaimse [nó ó C.D., as...................] agus ar an achainí sin a bheith arna comhdú go mbeidh sí á breithniú in am trátha ag an Uachtarán [nó ag an mBreitheamh...................Uasal] agus go bhféadfaidh seisean ordú a dhéanamh ina leith ag ceapadh caomhnóra ar do phearsa agus ar do mhaoin agus ag tabhairt cibé treoracha is fóirsteanach leis chun tú féin agus do ghnóthaí a bhainistiú; agus sula ndéanfar aon ordú den sórt sin go rachaidh duine de na liafhiosraitheoirí ar cuairt chugat ag fiosrú faoi staid do shláinte agus faoi na forais atá ann, má tá, leis an achainí sin a thíolacadh. Má tá agóid agat in aghaidh aon ordú mar a impítear san achainí sin a dhéanamh, ní foláir fógra i dtaobh na hagóide sin agat, agus é sínithe agat féin agus fianaithe ag d’aturnae, a tharchur chuig Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, laistigh de cheithre lá tar éis chuairt an liafhiosraitheora.
Arna dhátú................... (Arna shíniú) X.Y. aturnae thar ceann an achainígh, C.D.
_______________________________________________________ O. 67, rr. 24, 30 & 36
FÓGRA AGÓIDE ÓN BHFREAGRÓIR IN AGHAIDH ORDÚ A DHÉANAMH FAOI ALT 68, 70, NÓ 103.
_______
Maidir le A.B., freagróir.
Ós rud é gur seirbheáladh ormsa, an freagróir, an...................lá de..................., fógra gur tíolacadh achainí [nó fógra go ndearna C.D. iarratas] á impí go ndéanfaí ordú i dtaobh mo mhaoine ar an bhforas go bhfuilim mímheabhrach agus éagumasach ar mo ghnóthaí a bhainistiú [nó ordú ag ceapadh caomhnóra ar mo phearsa agus ar mo mhaoin ar an bhforas go bhfuilim lagmheabhrach agus éagumasach go sealadach ar mo ghnóthaí a bhainistiú], déanaim leis seo agóid in aghaidh aon ordú den sórt sin a dhéanamh.
Arna dhátú................... (Arna shíniú) A.B. Finné le síniú an A.B. sin. X.Y., aturnae thar ceann an fhreagróra.
_______________________________________________________ O. 67, r. 95 MIONNSCRÍBHINN GUR SEIRBHEÁLADH FÓGRA I dTAOBH ACHAINÍ TIONSCNAIMH. _______ [Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].
Maidir le A.B., freagróir. Mionnaímse, [ainm] as [seoladh], atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn, agus deirim mar a leanas:-
Arna mhionnú etc.
_______________________________________________________
O. 67, r. 68
TUAIRISCEÁN ATÁ LE TABHAIRT AG AN GCÚRAMAÍ AR AN EASTÁT.
_______
Maidir le A.B., coimircí Cúirte. Ceanglaítear ar an gcúramaí [nó ar an nglacadóir] ar eastát an choimircí na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt:
Arna dhátú................... (Arna shíniú) cúramaí [nó glacadóir] ar eastát an choimircí réamhráite. [Seoladh]
_______________________________________________________
O. 67, r. 81
COINNÍOLLACHA DÍOLACHÁIN.
_______
Cuid 1. Infheidhme maidir le díolacháin ar ceant poiblí amháin.
Cuid 2. Infheidhme maidir le gach díolachán.
[Coinníollacha speisialta maidir le teideal, cuardach, etc.].
Ar deireadh thiar. - Má mhainníonn an ceannaitheoir aon cheann de na coinníollacha seo a chomhlíonadh, féadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte [nó an Breitheamh...............Uasal] ordú a dhéanamh chun an mhír a cheannaigh an ceannaitheoir sin a athdhíol, agus chun an t-easnamh (más ann) ar an bpraghas a gheofar de thoradh an athdhíola sin, agus na costais agus na caiteachais uile a tháinig den mhainneachtain sin, a bheith le híoc ag an gceannaitheoir, agus chun éarlais an cheannaitheora sin a fhorghéilleadh.
MEABHRÁN COMHAONTAITHE.
Dearbhaímse, ...............as..............., leis seo gur cheannaigh mé an lá seo inniu, faoi réir na gcoinníollacha díol- acháin atá anseo roimhe seo, an mhaoin a thuairiscítear sna sonraí atá i gceangal leis seo ar shuim €..............., agus gur íoc mé leis an gceantálaí suim €...............ina héarlais mar pháirtíocaíocht san airgead ceannaigh uaim, agus geallaim go n-íocfaidh mé iarmhéid an airgid cheannaigh uaim de réir na gcoinníollacha díolacháin atá anseo istigh.
I bhfianaise air sin chuir mé mo lámh leis seo an...............lá seo de............... 20................
Finné: Síniú an cheannaitheora ................ Daingním an díolachán sin thuas faoi réir fhormheas na Cúirte. ..................... Ceantálaí. Ainm agus seoladh aturnae (más ann) an cheannaitheora.
_______________________________________________________
O. 67, r. 92
DEARBHÚ, Ó GHAOL DO CHOIMIRCÍ A D’ÉAG INA DHÍTHIOMNÓIR, CHUN IARMHAR NA GCISTÍ SA CHÚIRT A FHÁIL, GAN DEONÚ RIARACHÁIN A BHAINT AMACH.
_______
[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1]. Maidir le A.B., coimircí Cúirte.
Dearbhaímse [ainm] as [seoladh] go sollúnta agus go fíreata mar a leanas:-
Deimhnímid go bhfuil aithne phearsanta againn ar , a shínigh an dearbhú sin thuas, agus go gcreidimid gur fíor a bhfuil ráite aige ann.
Nóta. - Féadfar an dearbhú a dhéanamh os comhair feidhmeannaigh shíochána, coimisinéara mionnaí, nótaire phoiblí, nó Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte.
Arna leasú ag IR 488 de 2012, le héifeacht ón 28 Nollaig 2012.
_______________________________________________________ O. 65, r. 1
TOGHAIRM THIONSCNAIMH CHUN MIONAOISEACH A GHLACADH FAOI CHOIMIRCE.
_______
[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1]. Maidir le A.B., mionaoiseach.
Do...................i gContae...................
Ceanglaítear ort leis an toghairm seo freastal os comhair Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte ina Oifig sna Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, an...................lá de..................., ar...................a chlog roimh nóin, le linn éisteacht na toghairme seo, tráth a dhéanfar cibé ordú, agus a thionscnófar cibé imeachtaí, is cóir agus is fóirsteanach leis an gCúirt. Le hOrdú, ...................Príomh-Bhreitheamh na hÉireann, an ...................lá de...................i mbliain Ár dTiarna, dhá mhíl agus....................
Eisíodh an toghairm seo ar iarratas ó C.D. [luaigh a ghaol leis an mion- aoiseach], atá ag iarraidh ordaithe:-
Is é is foras don toghairm seo an mhionnscríbhinn ó................... a comhdaíodh san ábhar seo an...................lá de................... .
Is é..................., a bhfuil a oifig chláraithe ghnó aige i..................., aturnae thar ceann an iarratasóra, a d’eisigh an toghairm seo; tá cónaí ar an iarratasóir i................... agus is ...................é. N.B.—Ceanglaítear an toghairm seo a sheirbheáil sé lá ar a laghad roimh an lá fillte a luaitear sa toghairm seo (gan lá na seirbheála a áireamh), ach amháin sa mhéid go n-ordófar a mhalairt.
_______________________________________________________
FOIRMEACHA IN IMEACHTAÍ FAOIN ACHT UM CHINNTEOIREACHT CHUIDITHE (CUMAS), 2015 AN ARD-CHÚIRT
MIONNSCRÍBHINN GUR SEIRBHEÁLADH
AN tACHT UM CHINNTEOIREACHT CHUIDITHE (CUMAS), 2015, CUID 6
Uimhir thaifid:
Maidir le ……………..as ……………………………., Coimircí Cúirte
Iarratas ó……………………….as …………………………., Iarratasóir(í)
Mionnaímse, [ainm] as [seoladh] atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn, agus deirim mar a leanas:-
Arna mhionnú etc.
_______________________________________________________
FOIRMEACHA IN IMEACHTAÍ FAOIN ACHT COMHDHLÚITE CINNTÍ (CUMAS), 2015 AN ARD-CHÚIRT
AN tACHT UM CHINNTEOIREACHT CHUIDITHE (CUMAS), 2015 [SEACHAS CUID 6 NÓ CUID 10] Uimhir thaifid: Maidir le ……………..as …………………………….,
Iarratas ó……………………….as …………………………., Iarratasóir(í)
TABHAIR DO d’AIRE, le do thoil, go ndéanfaidh …………………, an tIarratasóir/na hIarratasóirí [cuir isteach ainm(neacha) aon duine/daoine eile atá ag uamadh leis an iarratas a dhéanamh], ar an ……..lá de ………….20… ar …. a chlog, iarratas chun na hArd-Chúirte ar: .........................……………………………………………… …………………………..…………………………………………………………………………………………..………… agus ar cibé orduithe eile a chumhachtaítear don Chúirt a dhéanamh faoin Acht sin.
Arna dhátú ………………………………. 20…..
Do: An Phríomh-Oifig
Agus do: ………………………., an duine is ábhar don iarratas as……………………………….
Agus do: ……………………….Fógra-Pháirtí as……………………………….
*Scrios i gcás nach n-oireann |