Home Home
The Courts Service of Ireland
This is a site slogan
Teanga
  • English
  • Gaeilge
  • Seirbhísí
  • GA Courts
  • Maidir linn
  • Cuardach
Teacht Orainn
Teanga
  • English
  • Gaeilge

Seirbhísí Taighde Dlíthiúil agus Leabharlainne

Courts Service Menu

  • Eolas fúinn
    • Bord na Seirbhíse Cúirteanna
    • Struchtúr Eagraíochtaí agus Rialachas
    • Seirbhís do Chustaiméirí
  • Tuarascáil Bhliantúil
  • Gairmeacha
  • Nuacht
  • Meáin
  • Foilseacháin
  • Open Data Portal
  • English

An Coiste Sheirbhísí Taighde Dlíthiúil agus Leabharlainne

An Coiste Sheirbhísí Taighde Dlíthiúil agus Leabharlainne

Bunaíodh an Coiste Sheirbhísí Taighde Dlíthiúil agus Leabharlainne i mí na Nollag 2020. Is é cuspóir an Choiste ionchur breithiúnach agus treoir a sholáthar d’fhoireann bhainistíochta na Seirbhísí Taighde Dlíthiúil agus Leabharlainne (LRLS) maidir le taighde dlíthiúil agus seirbhísí leabharlainne a sholáthar. Cuireann an Coiste tacaíocht ar fáil maidir le seirbhísí atá ann cheana a chothabháil, chomh maith le tionscnaimh nua a fhorbairt agus a chur chun cinn ar mhaithe leis na breithiúna.

Is iad seo a leanas comhaltaí an choiste:

An tOnórach an Breitheamh Brian O’Moore (Cathaoirleach);
An tOnórach an Breitheamh Brian Murray;
An tOnórach an Breitheamh Peter Charleton;
An tOnórach an Breitheamh Mark Heslin;
An tOnórach an Breitheamh Pauline Codd;
An Breitheamh Colm Roberts; agus
Eamonn Doherty, Ceann Sheirbhísí Taighde Dlíthiúil agus Leabharlainne.

Go hachomair, cumhdaítear le LRLS sainchúram leathan lena n-áirítear Leabharlann na mBreithiúna a reáchtáil, an Oifig Tacaíochta Taighde (RSO) agus Cúntóirí Breithiúnacha (JAnna) a bhainistiú, obair an Aontais Eorpaigh agus an Choiste Idirnáisiúnta, ár gcóras Bainistíochta Eolais (KM) a chur chun feidhme agus oiliúint a chur ar Chúntóirí Breithiúnacha (JAnna) agus ar Chomhlaigh Tacaíochta Taighde (RSAnna).

Rannpháirtíocht Bhreithiúnach i dTionscadail Taighde - Treoir do Thaighdeoirí

Rannpháirtíocht Bhreithiúnach i dTionscadail Taighde - Treoir do Thaighdeoirí

Bunaíodh prótacal mar fhreagairt ar líon na n-iarrataí a fhaightear gach bliain chuig comhaltaí de na breithiúna, agus chuig dlínsí laistigh de na breithiúna, chun páirt a ghlacadh i dtaighde.

Is féidir breathnú ar an bprótacal tríd an nasc seo:
Rannpháirtíocht Bhreithiúnach i dTionscadail Taighde - Treoir do Thaighdeoirí

Forbhreathnú ar Sheirbhísí Taighde Dlíthiúil agus Leabharlainne

Forbhreathnú ar Sheirbhísí Taighde Dlíthiúil agus Leabharlainne

Tá dhá chomhpháirt sa tSeirbhís Taighde Dlíthiúil agus Leabharlainne (LRLS):

  1. An Rannóg Eolais agus Faisnéise
  2. Cúnamh túslíne do na breithiúna
     

An Rannóg Eolais agus Faisnéise

Sa rannóg seo tá an Oifig Tacaíochta Taighde, an Fhoireann Bainistíochta Eolais, Foireann na Leabharlainne, na Bainisteoirí agus na Feidhmeannaigh Taighde Dlíthiúil.

Cúnamh túslíne do na breithiúna

Cuimsítear sa rannóg seo na cúntóirí breithiúnacha, in éineacht le hoifigigh dhlíthiúla feidhmiúcháin.

Soláthraíonn Comhlaigh Tacaíochta Taighde (RSAnna), atá lonnaithe san Oifig Tacaíochta Taighde (an RSO) pointe teagmhála aonair do na breithiúna le haghaidh taighde dlíthiúil

Feachtais Earcaíochta

Feachtais Earcaíochta

Liostálfar folúntais de réir mar a bheidh siad ar fáil ar an leathanach Gairmeacha sa tSeirbhís Chúirteanna.


FooterMenu

  • Fúinn
  • Déan Teagmháil Linn
  • Gairmeacha

FooterMenu2

  • Rochtain
  • Cosaint sonraí
  • Príobháideachais agus Fianáin
  • Disclaimer

FooterMenu3

  • Saoráil Faisnéise
  • An tAcht um Brústocaireacht
  • E-justice portal
  • Iarratas ar Chárta Ceada Cúirte