SC24
                    SC24
Taifeadadh agus Craoladh Imeachtaí na Cúirte Uachtaraí
(arna eisiúint faoi alt 7(7) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961,
arna chur isteach le mír (a)(iv) d’alt 44 den Acht um an gCúirt Achomhairc, 2014)
Taifeadadh agus Craoladh Imeachtaí na Cúirte Uachtaraí
- Is é cuspóir na Treorach Cleachtais faisnéis a chur ar fáil don phobal, do pháirtithe, do chleachtóirí dlí agus d'úsáideoirí cúirte eile maidir le treoirthionscadal faoina ndéanfar imeachtaí na Cúirte Uachtaraí a thaifeadadh agus a chraoladh.
Cuspóir an chraolta
- Tá cinneadh na Cúirte Uachtaraí a himeachtaí a chraoladh mar chuid de thiomantas na Cúirte ceartas a bheith ar oscailt agus tá sé comhsheasmhach leis an gceanglas bunreachtúil go ndéanfar an ceartas a riar go poiblí, cé is moite de cibé eisceachtaí a fhorordaítear le dlí. Is é is aidhm dó rochtain ar imeachtaí cúirte a fheabhsú agus an pobal a chur ar an eolas agus oideachas a chur orthu maidir le cásanna a éistfear os comhair na Cúirte Uachtaraí, ar cásanna iad a bhfuil tábhacht phoiblí ghinearálta ag baint leo nó cásanna ina ndlíonn leasanna ceartais achomharc a dhéanamh chun na Cúirte.
 
- Cuspóir breise de chuid an chraolta is ea cabhrú leis na meáin nach bhfuil in ann freastal go pearsanta ar imeachtaí breithiúnacha chun tuairisc chothrom chruinn a thabhairt ar na himeachtaí. Tá sé mar aidhm aige freisin ligean d'ollscoileanna agus do chomhlachtaí oiliúna gairmiúla dlí rochtain a fháil ar thaifeadtaí d'imeachtaí na Cúirte Uachtaraí chun críocha oideachais.
Imeachtaí atá le craoladh
- Roghnaigh agus thaifead an Chúirt Uachtarach líon beag cásanna chun an trealamh TF agus an próiseas taifeadta a thástáil gan craoladh.  Tá sé beartaithe ag an gCúirt anois tús a chur le treoirthionscadal a mbeidh craoladh cásanna roghnaithe i gceist leis. 
 
- Faoi réir tástáil shásúil ar an bpróiseas taifeadta agus craolta, beidh sé mar aidhm ag an gCúirt Uachtarach argóint ó bhéal a thaifeadadh agus a chraoladh go rialta in éisteachtaí achomhairc substainteacha agus breithiúnais na Cúirte Uachtaraí á dtabhairt.
 
- Is faoi chomhaltaí na Cúirte Uachtaraí atá sé cinneadh a dhéanamh an ndéanfar imeachtaí áirithe a thaifeadadh agus a chraoladh. Féadfaidh an breitheamh i bhfeighil a chinneadh, i gcomhairle leis an mbreitheamh bainistíochta cásanna, más gá, agus le painéal breithiúna a éisteann cás, nach mbeadh taifeadadh na n-imeachtaí iomchuí in aon chás ar leith.
 
- D’ainneoin an phróisis a leagtar amach i mír 6, ní dhéanfar na nithe seo a leanas a thaifeadadh ná a chraoladh:
- Imeachtaí nach foláir, faoi aon fhoráil de reacht, iad a éisteacht ar shlí seachas go poiblí;
- Imeachtaí arb é an toradh a bheadh ar a gcraoladh, i dtuairim an bhreithimh i bhfeighil, baol suntasach go n-aithneofaí páirtithe nó daoine a bhfuil baint acu le himeachtaí ina dtoirmeasctar an t-aitheantas sin, nó go nochtfaí faisnéis phearsanta íogair ar dóigh di díobháil a dhéanamh;
- Éisteachtaí nós imeachta, amhail éisteachtaí bainistithe cásanna agus cásanna a liostaítear lena lua.
Suíomh na gcraoltaí
- Cuirfear na píosaí scannánaíochta taifeadta ar fáil, de rogha na Cúirte, ar shuíomh gréasáin na Cúirte Uachtaraí.
Craoltaí a chur in eagar
- Déanfar eagarthóireacht rialta ar chraoltaí chun deireadh a chur le haon mhoilleanna ó thús agus ó dheireadh na dtaifeadtaí.
 
- Féadfaidh an Breitheamh i bhFeighil, i gcomhairle leis an mbreitheamh bainistíochta cásanna, a ordú go ndéanfar an taifeadadh a chur in eagar tuilleadh sula n-uaslódálfar é, más gá.
Tomhas ama craolta
- Go ginearálta, déanfar píosaí scannánaíochta taifeadta ó imeachtaí ar lá áirithe agus taifeadtaí de sheachadadh breithiúnas a chraoladh an lá dár gcionn. Ní cheadaíonn srianta líonra i gcoimpléasc na gCeithre Cúirteanna faoi láthair beoshruthú na n-imeachtaí i bhfíor-am.
Úsáid píosaí scannánaíochta
- Is gá toiliú leis na Téarmaí Úsáide ar shuíomh gréasáin na Cúirte Uachtaraí chun féachaint ar thaifeadtaí. 
 
- Tá diantoirmeasc ar íoslódáil, gabháil, athchur in eagar, mianadóireacht, próiseáil nó athdháileadh na bpíosaí scannánaíochta ó na taifeadtaí.  D’fhéadfadh aon úsáid den sórt sin a bheith ina cúis le dliteanas i leith sárú cóipchirt agus/nó d’fhéadfadh sé a bheith ina dhíspeagadh cúirte.
 
- D’ainneoin an toirmisc i mír 11, féadfar na píosaí scannánaíochta a úsáid chun tuairisciú ar imeachtaí os comhair na Cúirte Uachtaraí. Féadfaidh baill Bona fide de ghairm na meán nuachta rochtain a iarraidh ar na taifeadtaí curtha in eagar chun na gcríoch sin. Ba cheart iarratais den sórt sin a chur chuig an gcomhairleoir um chaidreamh leis na meáin ag gerry.curran@courts.ie.  Ní féidir na píosaí scannánaíochta a úsáid le haghaidh fógraí, craoltaí polaitiúla páirtí, nó chun críocha aoracha.
 
- Ba chóir an treoir chleachtais seo a léamh i gcomhar le Treoir Chleachtais SC18 Úsáid ceamaraí agus gléasanna leictreonacha sa chúirt.
Stádas taifeadtaí
- Baineann na taifeadtaí closamhairc leis an ngnó agus tá siad faoi rialú na Cúirte.
Cosaint Sonraí
- Is éard a bheidh i gceist le craoladh imeachtaí na Cúirte Uachtaraí próiseáil sonraí pearsanta ag an tSeirbhís Chúirteanna thar ceann na Cúirte Uachtaraí ag gníomhú di ina cáil bhreithiúnach. Beidh próiseáil sonraí pearsanta teoranta don chuspóir a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3 agus cuirfear cosaintí iomchuí i bhfeidhm chun cearta na n-ábhar sonraí a chosaint.
Arna dhátú an 7ú lá seo de mhí Dheireadh Fómhair, 2025.
Donal O’Donnell
An Príomh-Bhreitheamh
Supreme Court