Foscríbhinn II: Páirtnéireacht Shibialta agus Comhchónaí
Foscríbhinn II curtha isteach le IR 348 de 2011, éifeachtach ón 31 Iúil 2011.
Uimh. 1 | |
Uimh. 2 |
|
Uimh. 3 |
|
Uimh 4 |
|
Uimh. 5 |
______ O. 70B, rr, 5, 16(5)
AN ARD-CHÚIRT
MAIDIR LE hALT.... DEN ACHT UM PÁIRTNÉIREACHT SHIBHIALTA AGUS UM CHEARTA AGUS OIBLEAGÁIDÍ ÁIRITHE DE CHUID COMHCHÓNAITHEOIRÍ, 2010 IDIR/ A.B. Iarratasóir agus C.D. Freagróir MIONNSCRÍBHINN ACMHAINNE MIONNAÍMSE,.................., .......................... [cuir isteach slí bheatha], as.............., atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn agus deirim mar a leanas:-
AN CHÉAD SCEIDEAL
[Leag amach anseo, i míreanna uimhrithe, na sócmhainní, an mhaoin agus na hacmhainní airgeadais go léir, cibé acu a shealbhaítear iad in ainm aonair an iarratasóra/an fhreagróra nó i gcomhpháirt le duine eile, cibé acu a shealbhaítear iad go dlíthiúil nó go tairbhiúil, an modh ar a sealbhaítear na sócmhainní, cibé acu atá siad faoi réir morgáiste nó faoi réir muirir nó liain eile agus cibé mionsonraí breise agus mionsonraí eile is cuí].
AN DARA SCEIDEAL
[Leag amach anseo, i míreanna uimhrithe, ioncam uile an teisteora, lena n- áirítear aon ioncam nó sochair a bhfuil teideal ag an teisteoir chuige nó chucu le reacht nó faoi reacht, agus foinse (foinsí) an ioncaim sin go léir, agus mionsonraí i dtaobh fhostaíocht reatha an teisteora, más ann, agus i dtaobh ionchais fostaíochta an teisteora amach anseo].
AN TRÍÚ SCEIDEAL
[Leag amach anseo, i míreanna uimhrithe, fiacha, dliteanais, oibleagáidí agus freagrachtaí uile an teisteora agus, más iomchuí, an duine dá bhfuil gach fiach, dliteanas, oibleagáid airgeadais nó freagracht airgeadais den sórt sin dlite].
AN CEATHRÚ SCEIDEAL
[Leag amach anseo mionsonraí iomlána i dtaobh eisíocaíochtaí pearsanta rialta]. AN CÚIGIÚ SCEIDEAL
[Is ceart mionsonraí iomlána i dtaobh cineáil scéime pinsean, i dtaobh sochar is iníoctha fúithi, i dtaobh gnáthaoise inphinsin agus i dtaobh tréimhse seirbhíse ináirithe a liostú anseo de réir mar is fearr is eol don teisteoir, mar a cuireadh i bhfios dó nó di agus mar a chreideann sé nó sí]. ARNA MHIONNÚ etc. _______
O. 70B, rr, 6(6), 16(5)
AN ARD-CHÚIRT PÁIRTNÉIREACHT SHIBHIALTA [nó, de réir mar a bheidh, COMHCHÓNAÍ] MAIDIR LE MÍR (a) D’ALT *56(1) **179(1) DEN ACHT UM PÁIRTNÉIREACHT SHIBHIALTA AGUS UM CHEARTA AGUS OIBLEAGÁIDÍ ÁIRITHE DE CHUID COMHCHÓNAITHEOIRÍ, 2010
IDIR/ A.B. Iarratasóir/Creidiúnaí Cothabhála agus C.D. Freagróir/Féichiúnaí Cothabhála
RÁITEAS MAIDIR LE TUILLEAMH Deirimse,................, .................... [cuir isteach slí bheatha], as............ , atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn mar a leanas:-
AN CHÉAD SCEIDEAL †Ainm agus seoladh an Fhostóra (na bhFostóirí).............................................
‡Ioncam ó aon fhoinsí eile....................................................
‡Acmhainní airgeadais
Riachtanais
Arna Dhátú: 20
*I gcás imeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta _______
O. 70B, rr, 6(6), 16(5) AN ARD-CHÚIRT PÁIRTNÉIREACHT SHIBHIALTA [nó, de réir mar a bheidh, COMHCHÓNAÍ] MAIDIR LE MÍR (a) D’ALT *56(1) **179(1) DEN ACHT UM PÁIRTNÉIREACHT SHIBHIALTA AGUS UM CHEARTA AGUS OIBLEAGÁIDÍ ÁIRITHE DE CHUID COMHCHÓNAITHEOIRÍ, 2010
IDIR/ A.B. Iarratasóir/Creidiúnaí Cothabhála agus C.D. Freagróir/Féichiúnaí Cothabhála
RÁITEAS MAIDIR LE TUILLEAMH Deirimse,..............., .................... [cuir isteach slí bheatha], as.............., atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn mar a leanas:—
AN CHÉAD SCEIDEAL Ainm agus seoladh an Fhostóra (na bhFostóirí).............................................
Arna Dhátú: 20
*Le haghaidh imeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta _______
O. 70B, rr, 7(1), 8(3), 16(5) AN ARD-CHÚIRT PÁIRTNÉIREACHT SHIBHIALTA
IDIR/ A.B. Iarratasóir agus C.D. Freagróir
FÓGRA D’IONTAOBHAITHE BÍODH SEO INA FHÓGRA gur éiligh an t-iarratasóir/an freagróir faoiseamh sna himeachtaí a bhfuil an teideal thuas orthu de bhun an Achta um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010 agus, go háirithe i ndáil le............................ [cuir isteach anseo mionsonraí i dtaobh an phinsin a bhfuil faoiseamh á éileamh ina leith].
AGUS BÍODH SEO INA FHÓGRA THAIRIS SIN †go bhféadfar aon uiríll atá le déanamh chun na Cúirte a dhéanamh trí mhionnscríbhinn uiríll a chomhdófar agus a sheirbheálfar ar na páirtithe go léir san fhógra seo laistigh de 28 lá ón dáta a sheirbheáiltear an fógra seo ortsa †go ndéanfar iarraidh chuig an gcúirt go soláthróidh tú na ríomhanna dá dtagraítear in alt *126(2) **alt 192 den Acht sin.
Arna dhátú an ......ú lá de .................... 20.......
agus
†Scrios i gcás nach n-oireann
_______
O. 70B, r, 5A AN ARD-CHÚIRT
PÁIRTNÉIREACHT SHIBHIALTA IDIR/ A.B. Iarratasóir agus C.D. Freagróir
MIONNSCRÍBHINN LEASA MIONNAÍMSE, [ainm], [slí bheatha], .......................... as [seoladh] ........................... atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn agus deirim mar a leanas:
1. Is mise *an tIarratasóir/*an Freagróir sna himeachtaí a bhfuil an teideal thuas orthu. Déanaim an Mhionnscríbhinn seo de bhun fíoras is feasach dom féin ach amháin nuair is léir a mhalairt agus nuair is léir amhlaidh creidim an céanna a bheith fíor. 2. Is fíor na fíorais atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis seo. [I gcás nach ndíospóideann an Freagróir na fíorais arna leagan amach ag an Iarratasóir ina Mhionnscríbhinn/Mionnscríbhinn Leasa, áireofar an deimhneasc seo a leanas, á chur in ionad mhír 2, agus ní fhágfaidh an Freagróir an Sceideal ar lár 3. Aontaím leis na fíorais arna leagan amach ag an Iarratasóir ina Mhionnscríbhinn/ Mionnscríbhinn Leasa arna mionnú san imeacht seo
AN SCEIDEAL Cuid 1 – Mionsonraí faoi Leanaí 1. Mionsonraí faoi leanaí cleithiúnacha leis na páirtnéirí sibhialta: Túsainmneacha ..... Sloinne ..... Dáta Breithe ........... Gaolmhaireacht leis an Iarratasóir / leis an bhFreagróir ..........
Cuid II – Comhshocraíochtaí i gcomhair leanaí cleithiúnacha na bpáirtnéirí sibhialta 2. Mionsonraí Baile: (a) An seoladh nó na seoltaí ag a gcónaíonn na leanaí anois (b) Tabhair mionsonraí faoi líon na seomraí cónaithe, na seomraí codlata etc. ag an seoladh / na seoltaí ag (a) thuas (c) An bhfuil an teach ar cíos nó ar úinéireacht agus, má tá, ainmnigh an tionónta / na tionóntaí nó an t-úinéir / na húinéirí? (d) An bhfuil an cíos nó an morgáiste á íoc go rialta agus, má tá, cé atá á íoc? (e) Tabhair ainmneacha na ndaoine eile go léir atá ina gcónaí leis na leanaí ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha agus luaigh a ngaolmhaireacht leis na leanaí, más ann. (f) An mbeidh aon athrú ar na comhshocraíochtaí sin agus, más amhlaidh go mbeidh, tabhair mionsonraí.
Cuid III – Mionsonraí oideachais agus oiliúna 3. Mionsonraí oideachais agus oiliúna: (a) Tabhair ainmneacha na scoile, an choláiste nó an ionaid oiliúna ar a bhfuil gach leanbh ag freastal. (b) An bhfuil aon riachtanais speisialta oideachais ag na leanaí? Má tá, sonraigh, le do thoil. (c) An scoil táille, coláiste táille nó ionad oiliúna táille an scoil, an coláiste nó an t-ionad oiliúna? Más ea, tabhair mionsonraí.
Cuid IV – Mionsonraí faoi chúram leanaí 4. Mionsonraí faoi chúram leanaí: (a) Cé acu páirtnéir sibhialta a thugann aire do na leanaí ó lá go lá? Má roinntear an fhreagracht, tabhair mionsonraí, le do thoil. (b) Tabhair mionsonraí faoi oibleagáidí oibre na beirte páirtnéirí sibhialta. (c) An dtugann duine éigin aire do na leanaí nuair nach mbíonn ceachtar páirtnéir sibhialta ann? Má thugann, tabhair mionsonraí. (d) Cé a thugann aire do na leanaí le linn laethanta saoire scoile? (e) An mbeidh aon athrú ar na comhshocraíochtaí sin? Más amhlaidh go mbeidh, tabhair mionsonraí.
Cuid V – Cothabháil 5. Cothabháil: (a) An íocann an tIarratasóir/Freagróir i leith chothabháil na leanaí? Má íocann, tabhair mionsonraí. Sonraigh, le do thoil, aon fhoinse chothabhála eile. (b) An íoctar an chothabháil dá dtagraítear in (a) thuas faoi ordú cúirte? Má íoctar, tabhair mionsonraí. (c) Ar comhaontaíodh cothabháil i gcomhair na leanaí? Má comhaontaíodh, tabhair mionsonraí. (d) Murar comhaontaíodh, an mbeidh iarratas á dhéanamh agat ar ordú cothabhála ón gcúirt?
Cuid VI – Mionsonraí faoi theagmháil leis na leanaí 6. Teagmháil: (a) An bhfeiceann na leanaí an tIarratasóir/Freagróir? Tabhair mionsonraí, le do thoil. (b) An bhfanann na leanaí thar oíche agus/nó an mbíonn cuairteanna saoire ag na leanaí leis an Iarratasóir / leis an bhFreagróir? Tabhair mionsonraí, le do thoil. (c) An mbeidh aon athrú ar na comhshocraíochtaí sin?
Cuid VII – Mionsonraí faoi Shláinte 7. Sláinte na leanaí: (a) An bhfuil na leanaí ina sláinte go ginearálta? Tabhair mionsonraí, le do thoil, faoi aon mhíchumas tromaí nó aon tinneas ainsealach atá ar aon duine de na leanaí. (b) An bhfuil aon riachtanais speisialta sláinte ag na leanaí nó ag aon duine díobh? Tabhair mionsonraí, le do thoil, faoin gcúram atá ag teastáil agus conas atá sé le cur ar fáil. (c) An bhfuil an tIarratasóir agus an Freagróir ina sláinte go ginearálta? Mura bhfuil, tabhair mionsonraí, le do thoil.
Cuid VIII – Mionsonraí faoi chúram agus Imeachtaí eile Cúirte 8. Cúram agus imeachtaí eile Cúirte: (a) An bhfuil na leanaí nó aon duine díobh faoi chúram na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach nó faoi mhaoirseacht Oibrí Shóisialaigh nó Oifigigh Promhaidh? Má tá, sonraigh, le do thoil. (b) An bhfuil nó an raibh aon imeachtaí in aon Chúirt a bhfuil nó a raibh baint acu leis na leanaí nó le haon duine díobh? Má tá, nó má bhí, sonraigh, le do thoil. Is ceart cóipeanna de na hOrduithe Cúirte iomchuí go léir a bhaineann leis na leanaí nó le haon duine díobh a chur i gceangal leis seo.
ARNA MHIONNÚ, etc.
Foirm Uimh. 5 curtha isteach le IR 16 de 2016, éifeachtach ón 10 Eanáir 2016. |