Home Home
The Courts Service of Ireland
This is a site slogan
Teanga
  • English
  • Gaeilge
  • Seirbhísí
  • GA Courts
  • Maidir linn
  • Cuardach
Teacht Orainn
Teanga
  • English
  • Gaeilge

Fógra ó Uachtarán na hArd-Chúirte - Sannadh Breithiúna Ard-Chúirte i bhFeighil /Breithiúna Ainmnithe - Téarma na Féile Bríde 2025

Courts Service Menu

  • Eolas fúinn
    • Bord na Seirbhíse Cúirteanna
    • Struchtúr Eagraíochtaí agus Rialachas
    • Seirbhís do Chustaiméirí
  • Tuarascáil Bhliantúil
  • Gairmeacha
  • Nuacht
  • Meáin
  • Foilseacháin
  • Open Data Portal
Back
Back
Fógra ó Uachtarán na hArd-Chúirte - Sannadh Breithiúna Ard-Chúirte i bhFeighil /Breithiúna Ainmnithe - Téarma na Féile Bríde 2025
Thursday 09th January 2025
Presidents' Announcements
261 Days ago

Tá na breithiúna seo a leanas den Ard-Chúirt sannta ag Uachtarán na hArd-Chúirte chun bheith ina mBreithiúna i bhFeighil ar na liostaí Ard-Chúirte seo a leanas do Théarma Téarma na Féile Bríde 2025:
 

Uachtarán na hArd-Chúirte, Breitheamh don Liosta Eadrána, don Liosta Coimircíochta, don Liosta Araíonachta Gairmiúla agus don Liosta Dlínse Bhunúsach (Cumas)
An Breitheamh McDermott, Breitheamh i bhFeighil na Príomh-Chúirte Coiriúla, Eiseachadadh, an Biúró um Shócmhainní Coiriúla agus Bannaí
An Breitheamh Hunt, Breitheamh i bhFeighil na Cúirte Coiriúla Speisialta
An Breitheamh Coffey, Breitheamh i bhFeighil an Liosta Díobhálacha Pearsanta
An Breitheamh Gearty, Breitheamh i bhFeighil an Liosta Neamhghiúiré/Athbhreithniú Breithiúnach, Tearmainn agus Liostaí Saoránachta
An Breitheamh Sanfey, Breitheamh i bhFeighil an Liosta Tráchtála
An Breitheamh Jordan, Breitheamh i bhFeighil an Liosta Teaghlaigh
An Breitheamh Cregan, Breitheamh i bhFeighil an Liosta Seansaireachta
An Breitheamh Humphreys, Breitheamh i bhFeighil an Liosta Pleanála agus Comhshaoil
An Breitheamh Owens, Breitheamh i bhFeighil an Liosta Giúiré Sibhialta, an Liosta Dócmhainneachta Phearsanta agus Liosta an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla.
An Breitheamh Barrett, Breitheamh i bhFeighil an Liosta Iomaíochta
An Breitheamh O’Donnell, Breitheamh i bhFeighil Liosta Choinbhinsiún Lucsamburg na Háige
An Breitheamh Stack, Breitheamh i bhFeighil an Liosta Probháide
An Breitheamh Reynolds, Breitheamh i bhFeighil Liosta Cúitimh an Gharda Síochána
An Breitheamh Kennedy, Breitheamh i bhFeighil an Liosta Féimheachta agus ar Liosta an Scrúdaitheora
An Breitheamh Simons, Breitheamh i bhFeighil an Liosta Breithnithe (An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta 2013)
An Breitheamh Quinn, an Breitheamh Roberts agus an Breitheamh Mulcahy, Breithiúna sannta ag an Uachtarán chun imeachtaí Scrúdaitheoireachta a chloisteáil
An Breitheamh Mulcahy, Breitheamh atá sannta chun déileáil le hábhair Aimiréalachta
An Breitheamh O’Regan, Breitheamh atá sannta chun déileáil le hábhair Chlárlann na Talún.

 

Is chun an Bhreithimh i bhFeighil nó chun an Bhreithimh ainmnithe iomchuí a dhéanfar aon iarratas maidir le nithe a bhaineann leis na liostaí sin.

Ba cheart a thabhairt faoi deara nach ionann an méid thuas agus sannadh Breithimh de bhun I.R. Uimh. 255 de 2016 - Rialacha na nUaschúirteanna (Caingne Seansaireachta agus Neamhghiúiré agus imeachtaí ainmnithe eile: nósanna imeachta réamhthrialach) 2016

Kim Duffy
Príomhchláraitheoir
An Ard-Chúirt
10 Eanáir 2025


FooterMenu

  • Fúinn
  • Déan Teagmháil Linn
  • Gairmeacha

FooterMenu2

  • Rochtain
  • Cosaint sonraí
  • Príobháideachais agus Fianáin
  • Disclaimer

FooterMenu3

  • Saoráil Faisnéise
  • An tAcht um Brústocaireacht
  • E-justice portal
  • Iarratas ar Chárta Ceada Cúirte